An bhfuil eolas ag Ă©inne agaibh i dtaobh bhunĂșs an struchtĂșir ina bhfuil ainsĂoch bealaĂ mar dobhriathar? Rud mar âbhĂ sĂ© ag dul _an bĂłthar_â gan an ginideach i ndiaidh ainme briathartha. An raibh a leithĂ©id de rud sa Ghaelainn Chlasaiceach nĂł roimis sin?




