“Ní saoirse go sciatháin”

Tá an abairt sin sa Nuacht Mhall an tseachtain seo. Tuigim cad is brí leis, ach nílim in ann é a mhíniú. Ceapaim gur chuala mé an struchtúr céanna i seanfhocal eigin b'fhéidir, ach ní cuimhin liom. Tháinig mé ar "ní radharc go hathradharc" (hindsight is twenty/twenty) ar focloir.ie, ach an bhfuil sampla eile ar "Ní <ainmfhocal> go <ainmfhocal>" ag éinne?

#Gaeilge @Gaeilge #NuachtMhall #SeanFhocal #CnaG

https://player.fm/series/nuacht-mhall/ep-11-feabhra-2023-ard-mhacha

11 Feabhra 2023 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

Inniu an t-aonú lá deag de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.
De réir tuairiscí tá breis agus 20,000 duine maraithe i ndeisceart na Tuirce agus i dtuaisceart na Siria i ndiaidh an chreatha talún Dé Luain, agus is dócha go n-ardóidh na figiúirí sna leathanta amach romhainn. Ó thaobh na Tuirce de, deir na húdaráis go bhfuil 13.5 milliún daoine atá buailte ag an tubaiste. Tá na hoibrithe tarrthála ag déanamh a ndícheall chun an oiread daoine agus is féidir a shábháil. Tá an aimsir fuar, le sneachta ar an talamh agus tá easpa tithe agus foirgneamh te sábháilte ann do na daoine a tháinig slán. Meastar go bhfuil cúrsaí nios measa fós i dtuaisceart na Siria mar gheall ar an chogaíocht ansin.
Thug Volodymyr Zelensky cuairt ar an Bhreatain an tseachtain seo. Ba í an chéad chuairt ar an tír ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin bliain ó shin. Bhuail sé le Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Rishi Sunak agus ghlac sé an deis le linn a óráide os comhair...

Nuacht Mhall
@Sliotar seans go bhfuil aithne agat ar an nath "ní saoirse go saoirse na mban".

@BrilleBhrealla @sinabhfuil

Fuair mé cúpla ceann eile san FGB:

Ní céasadh go pósadh,
Ní heolas go haontíos
Ní féasta go rósta

Beadh mé i dtrioblóid dá aistreoinn an chéad ceann, ach "you don't know someone until you've lived with them" agus "nothing makes a feast like roast meat" atá i geist leis na cinn eile.

Anois, tuigim cén fáth gur thuig mé "Ní saoirse go sciatháin"!

#Seanfhocal #NathannaCainte #Gaeilge

@BrilleBhrealla @sinabhfuil

I ndáiríre, tá an struchtúr céanna ann le "Ní neart go cur le chéile" freisin!

Beidh an struchtúr sin i ngach áit anois!

#Seanfhocal #NathannaCainte #Gaeilge

@Sliotar @BrilleBhrealla @sinabhfuil

“It is not ⟨rud⟩ until/before ⟨rud eile⟩”. Is féidir leat a thuiscint mar ‘ní ⟨X⟩ _é_ go (roimh) ⟨Y⟩’ – bhí rogha ann sa Ghaelainn Chlasaiceach an t-ainmní a fhágáilt ar lár san abairt agus é ina fhorainm na tríú pearsan (‘a-tá sa tigh’ = ‘a-tá sé/sí sa tigh’; ‘is fear’ = ‘is fear é’, ⁊rl.).

Ní féasta go rósta = ‘before roasted meat, it’s not a feast’
Ní aitheantas go haontíos = ‘until one-houseness, it’s not a (true) acquaintance’

⁊ mar sin de