An uaill chaointe thruacánta sin a dhéanann an mac tíre baineann ag tús an scéil "Deireadh", i ndiaidh don lucht seilge a cuid coileán a dhícheannú, an rud é gur uaill shiombalach í sin ar uaill chaointe thruacánta na nGael i ndiaidh do Chromal slad agus ár a dhéanamh orthu? Agus dálta na mac tíre, gur maraíodh agus gur díbríodh na Gaeil? Nó ar chóir domh gan smaointiú barraíocht fá dtaobh dó! 😁

#ClubLeabhar #BláthnadTulach #Deireadh