Tá mé i ndiaidh an dara téarma mo chúrsa Gaeilge ar líne ag leibhéal A2 a chríochnú. Ní thig liom a rá gur bhain mé líofacht amach cheana féin. Mar sin féin, bhain mé iontach sult as. Bhí ár múinteoir den scoth, bhí an páirtí ranga an-deas. Anois, ar aghaidh go B1!







